Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Phill sé na bhaile go hÉirinn in 1951 agus thóg sé a theach úr. Rinne sé féin cuid mhór den obair. Bhí obair mhaslach ann, bhí sé le déanamh le lámh. Ní raibh meascthóir ar bith aige. Bhí fear ná dhó ag cuidiú leis. | 00:03:11 | |
Phill sé in 1952 go hAlbain arís, sna tolláin a bhí sé ag obair. Bhíodh sé anonn agus anall le cuidiú lena athair san am. Phill sé na bhaile in 1962 an t-am sin. | 00:01:27 | |
Thosaigh sé ag obair leis an Chomhairle Contae ag tógáil bealaigh. Pá coicíse a bhí ann, ní raibh pá mór ann ach bhí obair chrua go leor le déanamh san am sin acu. Chaith sé 14 bliain ag obair leo gur éirigh sé as. | 00:02:18 | |